(18) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann duine nádúrtha ar shonraí pearsanta le linn gníomhaíocht de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, is é sin próiseáil nach bhfuil aon nasc aici le gníomhaíocht ghairmiúil ná le gníomhaíocht tráchtála.
D'fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí pearsanta nó ar ghníomhaíochtaí tís comhfhreagras agus coinneáil seoltaí, nó líonrú sóisialta agus gníomhaíocht ar líne a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí den sórt sin.
Tá feidhm ag an Rialachán seo, áfach, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe a sholáthraíonn an modh chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí pearsanta nó gníomhaíochtaí tís den sórt sin.
- = -
(20) Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d'fhéadfaí, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile.
Níor cheart, le hinniúlacht na n-údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d'fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n-áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh.
Ba cheart é a bheith indéanta maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a chur de chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit, córas lenar cheart, go háirithe, comhlíonadh rialacha an Rialacháin seo a áirithiú, feasacht chomhaltaí na mbreithiúnachta maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a fheabhsú agus gearáin maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a láimhseáil.
- = -
(24) An phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas, ba cheart í a bheith faoi réir an Rialacháin seo freisin i gcás ina mbaineann sí le faireachán a dhéantar ar iompar ábhar sonraí den sórt sin a mhéid a tharlaíonn a n-iompar laistigh den Aontas.
Chun a chinneadh an féidir a mheas an ndéanann gníomhaíocht próiseála faireachán ar iompar na n-ábhar sonraí do na sonraí, ba cheart a fháil amach an bhfuil daoine nádúrtha á rianú ar an idirlíon lena n-áirítear úsáid a d'fhéadfaí á baint ina dhiaidh sin as teicníochtaí próiseála sonraí pearsanta, ar teicníochtaí iad lena ndéantar duine nádúrtha a phróifíliú, go háirithe chun cinntí a dhéanamh maidir leis an duine sin nó chun anailís nó tuar a dhéanamh ar shainroghanna, iompar agus dearcadh an duine sin.
- = -
(26) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta.
Sonraí pearsanta ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu agus a d'fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis bhreise a úsáid, ba cheart a mheas gur faisnéis faoi dhuine nádúrtha in-sainaitheanta na sonraí sin.
Chun a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha in-sainaitheanta nó nach bhfuil, ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir, amhail díriú ar leith, is dócha, le réasún, a úsáidfidh an rialaitheoir nó duine eile chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach.
Lena fháil amach an bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbainfear úsáid as bealaí chun an duine nádúrtha a shainaithint, ba cheart aird a thabhairt ar fhachtóirí oibiachtúla uile, amhail na costais a ghearrfar agus an t-achar ama is gá le haghaidh sainaitheanta, agus an teicneolaíocht a bheidh ar fáil tráth na próiseála agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh.
Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le faisnéis anaithnid, eadhon faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó le sonraí persanta atá anaithnid ar bhealach agus nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil an duine sin in-sainaitheanta a thuilleadh.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an Rialachán seo leis an bpróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis anaithnid den sórt sin, lena n-áirítear chun críoch staidrimh agus taighde.
- = -
(30) Féadfar daoine nádúrtha a chomhcheangal le sainaitheantóirí ar líne a sholáthraítear lena gcuid gléasanna, feidhmchlár, uirlisí agus prótacal, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta.
D'fhéadfadh sé go bhfágfaí loirg leis an méid sin a d'fhéadfaí a úsáid chun próifílí de na daoine nádúrtha a chruthú agus chun iad a shainaithint, go háirithe tráth a gcuirfí i gcomhcheangal le sainaitheantóirí uathúla iad agus le faisnéis eile a fhaigheann na freastalaithe.
- = -
(32) Ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear cur in iúl a thugann a t-ábhar sonraí faoi shaoirse agus atá sonrach, feasach agus gan athbhrí á rá go n-aontaíonn an t-ábhar sonraí le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil, amhail trí ráiteas scríofa, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, nó ráiteas ó bhéal.
D'fhéadfaí go n-áireofaí air sin tic a chur i mbosca nuair a thugtar cuairt ar shuíomh gréasáin idirlín, socruithe teicniúla a roghnú do sheirbhísí na sochaí faisnéise nó trí ráiteas nó iompar eile lena gcuirtear in iúl go soiléir sa chomhthéacs sin go dtoilíonn an t-ábhar sonraí leis an bpróiseáil atá beartaithe a dhéanamh ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta.
Dá bhrí sin, níor cheart gurbh ionann agus toiliú iad tost, boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré nó neamhghníomhaíocht.
Ba cheart don toiliú gach gníomhaíocht próiseála arna déanamh chun na críche céanna nó chun na gcríoch céanna a chumhdach.
I gcás ina bhfuil an iliomad críoch leis an bpróiseáil, ba cheart toiliú a thabhairt dóibh uile.
Má tá an t-ábhar sonraí le toiliú leis an bpróiseáil tar éis iarraidh trí mheán leictreonach a fháil chuige sin, ní mór don iarraidh sin a bheith soiléir achomair agus níor cheart di cur isteach barraíocht ar úsáid na seirbhíse ar ina leith a tugadh an toiliú.
- = -
(46) Ba cheart a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach freisin nuair is gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do shaol an ábhair sonraí nó do shaol duine nádúrtha eile.
Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach ar bhonn leas ríthábhachtach duine nádúrtha eile i bprionsabal i gcás nach bhféadfar an phróiseáil a bhunú go follasach ar bhunús dlí eile.
Le roinnt cineálacha próiseála, d'fhéadfaí fónamh do leas tábhachtach an phobail agus do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí araon, mar shampla nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha daonnúla, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar eipidéimí agus ar a leathadh nó i gcásanna éigeandálaí daonnúla, go háirithe i gcásanna tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.
- = -
(49) An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a mhéid atá sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun slándáil líonra agus faisnéise a áirithiú, i.e.
an cumas atá i líonra nó i gcóras faisnéise, ar leibhéal áirithe muiníne, seasamh i gcoinne eachtraí a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar infhaighteacht, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha, agus ar shlándáil na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint ag na líonraí agus na córais sin, ag údaráis phoiblí, ag foirne práinnfhreagartha ríomhaireachta (CERTanna), ag foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhaireachta (CSIRTanna), ag soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus ag soláthraithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí slándála, nó slándáil na seirbhísí gaolmhara atá inrochtana tríothu sin, is é atá i gceist leis an bpróiseáil sin leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann.
D'fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, rochtain neamhúdaraithe ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus dáileadh mailíseach cód a chosc agus stop a chur le hionsaithe “diúltaithe seirbhíse” agus le damáiste do ríomhchórais agus do chórais chumarsáide leictreonaí.
- = -
(58) Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá dírithe ar an bpobal nó ar an ábhar sonraí, gur cheart don fhaisnéis sin a bheith gonta agus éasca a thuiscint agus gur cheart í a bheith i dteanga shoiléir shimplí agus, sa bhreis air sin, gur cheart úsáid a bhaint as léirshamhlú, i gcás inarb ábhartha.
D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach, mar shampla, agus í dírithe ar an bpobal, trí shuíomh gréasáin.
Tá ábharthacht ar leith ag baint leis sin i staideanna ina bhfágann iomadú na ngníomhaithe agus castacht theicneolaíoch an chleachtais nach éasca don ábhar sonraí a bheith ar an eolas faoi cibé an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á mbailiú, faoi cé atá á mbailiú agus faoi cad chuige a bhfuil siad á mbailiú, agus nach éasca dó nó di an méid sin a thuiscint, amhail i gcás fógraíocht ar líne.
Toisc go bhfuil cosaint ar leith dlite do leanaí, ba cheart aon fhaisnéis agus cumarsáid maidir le próiseáil a bhaineann le leanbh a thabhairt i dteanga shoiléir shimplí le go bhféadfaidh an leanbh í a thuiscint go héasca.
- = -
(67) I modhanna chun srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, d'fhéadfaí a áireamh, inter alia, na sonraí a roghnaítear a aistriú go sealadach chuig córas eile próiseála, rud a chuirfeadh na sonraí pearsanta a roghnaítear ar fáil d'úsáideoirí, nó na sonraí a foilsíodh a bhaint de shuíomh gréasáin ar bhonn sealadach.
I gcórais chomhdúcháin uathoibrithe, is trí bhealach teicniúil ba cheart an srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta a áirithiú i bprionsabal ar shlí nach bhfuil na sonraí pearsanta faoi réir tuilleadh oibríochtaí próiseála agus nach féidir iad a athrú.
Ba cheart a léiriú go soiléir sa chóras go bhfuil srian ar shonraí pearsanta a phróiseáil.
- = -
(77) Treoir maidir le bearta iomchuí a chur chun feidhme agus maidir lena thaispeáint go bhfuil siad á gcomhlíonadh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil a shainaithint, measúnú a dhéanamh orthu i dtéarmaí tionscnaimh, cineáil, dóchúlachta agus déine, agus na cleachtais is fearr a shainaithint leis an riosca a mhaolú, d'fhéadfaí an treoir sin a chur ar fáil go háirithe trí bhíthin cóid fhormheasta iompair, deimhniúcháin fhormheasta, treoirlínte a chuireann an Bord ar fáil nó trí bhíthin léirithe a chuireann an t-oifigeach cosanta sonraí ar fáil.
Féadfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint freisin maidir le hoibríochtaí próiseála a meastar nach mbeadh ardriosca ag gabháil leo i ndáil le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha agus féadfaidh siad freisin na bearta a léiriú a d'fhéadfadh a bheith leordhóthanach i gcásanna den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin.
- = -
(98) Ba cheart comhlachais nó comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe a spreagadh cóid iompair a tharraingt suas, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, ionas go n-éascófar cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag cur san áireamh shaintréithe sonracha na próiseála a dhéantar in earnálacha áirithe agus riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide.
Le cóid iompair den sórt sin, d'fhéadfaí go háirithe na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe a chalabrú, agus an riosca ar dócha a thiocfaidh as an bpróiseáil á chur san áireamh, ar riosca é atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha.
- = -
(112) Ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe sin, go háirithe maidir le haistrithe sonraí a bhfuil gá leo agus atá riachtanach ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, mar shampla i gcásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis iomaíochta, idir riaracháin chánach nó idir riaracháin chustaim, idir údaráis mhaoirseachta airgeadais, idir seirbhísí atá inniúil ar ábhair maidir leis an tslándáil shóisialta, nó maidir leis an tsláinte phoiblí, mar shampla i gcás rianú teagmhála maidir le galair thógálacha nó chun dópáil sa spórt a laghdú agus/nó a dhíothú.
Ba cheart a mheas go bhfuil aistriú sonraí pearsanta dleathach freisin i gcás inar gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile, lena n-áirítear sláine fhisiciúil nó saol, mura bhféadfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt.
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, teorannacha a leagan síos go sainráite ar aistriú catagóirí sonracha sonraí chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta.
Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhorálacha den sórt sin.
Aon aistriú chuig eagraíocht dhaonnúil idirnáisiúnta a dhéantar maidir le sonraí pearsanta ábhair sonraí nach bhfuil ar a chumas nó ar a cumas, ó thaobh fisiciúil nó dlíthiúil, toiliú a thabhairt, d'fhonn tasc atá riachtanach faoi Choinbhinsiúin na Ginéive a chomhlíonadh nó d'fhonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleachtaí armtha a chomhlíonadh, d'fhéadfaí a mheas go bhfuil an t-aistriú sin riachtanach ar chúis thábhachtach a bhaineann le leas an phobail nó mar go bhfuil sé ríthábhachtach ó thaobh leas an ábhair sonraí.
- = -
(113) Maidir le haistrithe is féidir a cháiliú mar aistrithe neamhatriallacha agus nach mbaineann ach le líon teoranta ábhar sonraí, d'fhéadfaí iad a dhéanamh freisin chun críocha na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú ag an rialaitheoir, nuair nach bhfuil sáraíocht ag leasanna nó ag cearta agus ag saoirsí an ábhair sonraí ar na leasanna sin agus nuair atá measúnú déanta ag an rialaitheoir ar na himthosca ar fad a bhaineann le haistriú na sonraí.
Ba cheart don rialaitheoir aird ar leith a thabhairt ar chineál na sonraí pearsanta, ar chuspóir agus ar ré na hoibríochta próiseála a bheartaítear nó na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear, agus freisin ar an staid sa tír thionscnaimh, sa tríú tír agus i dtír an chinn scríbe, agus ba cheart dó coimircí oiriúnacha a chur ar fáil chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint.
Níor cheart a bheith in ann aistrithe den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcásanna iarmharacha nuair nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais eile maidir le haistriú.
Chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart ionchais dhlisteanacha na sochaí a chur san áireamh maidir le heolas a mhéadú.
Ba cheart don rialaitheoir an t-údarás maoirseachta agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas maidir leis an aistriú.
- = -
(115) Glacann roinnt tríú tíortha dlíthe, rialacháin agus gníomhartha dlí eile a cheaptar le gníomhaíochtaí próiseála sonraí daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a rialáil go díreach faoi dhlínse na mBallstát.
D'fhéadfaí a áireamh leis sin breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí nó cinntí ó údaráis riaracháin i dtríú tíortha lena gceanglaítear ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, agus nach bhfuil bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó Ballstát.
D'fhéadfadh sé go sárófaí dlí idirnáisiúnta dá gcuirfí na dlíthe, na rialacháin agus na gníomhartha dlí eile sin i bhfeidhm lasmuigh de dhlínse na dtíortha sin agus d'fhéadfadh sé cur isteach ar an gcosaint do dhaoine nádúrtha a áirithítear san Aontas leis an Rialachán seo.
Níor cheart aistrithe a cheadú ach i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an Rialacháin seo maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.
Féadfaidh an cás a bheith amhlaidh, inter alia, má tá gá leis an nochtadh ar fhoras tábhachtach leasa phoiblí a aithnítear i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.
- = -
(116) Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin.
Ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha.
D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní.
Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.
Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.
- = -
(138) Ba cheart cur i bhfeidhm sásra den sórt sin a bheith ina choinníoll do dhlíthiúlacht birt a ceapadh chun go mbeadh éifeachtaí dlíthúla ag údarás maoirseachta sna cásanna sin ina bhfuil sé éigeantach an sásra a chur i bhfeidhm.
I gcásanna eile atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart an sásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineanna a chur i bhfeidhm agus d'fhéadfaí cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur ar siúl idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar bhonn déthaobhach nó ar bhonn iltaobhach gan an sásra comhsheasmhachta a chur ag obair.
- = -
(156) Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart an phróiseáil sin a bheith faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí de bhun an Rialacháin seo.
Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go bhfuil bearta teicniúla agus bearta eagraíochtúla i bhfeidhm chun, go háirithe, prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a áirithiú.
Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh tráth a mbeidh measúnú déanta ag an rialaitheoir an féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta nach féidir na hábhair sonraí a aithint leo nó nach féidir na hábhair sonraí a aithint leo a thuilleadh, ar an gcoinníoll gurb ann do choimircí iomchuí (amhail, mar shampla, ainm bréige a chur i bhfeidhm ar na sonraí).
Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do choimircí iomchuí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh.
Ba cheart údarás a thabhairt do na Ballstáit sonraíochtaí agus maoluithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha sonracha agus faoi réir coimircí iomchuí do na hábhair sonraí, maidir leis na ceanglais faisnéise agus cearta a chur ar fáil go ndéanfaí ceartú, léirscriosadh, ligean i ndearmad, srianadh ar phróiseáil, agus chun iniomparthacht sonraí, agus chun agóid a dhéanamh agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh.
Leis na coinníollacha agus leis na coimircí atá i gceist, d'fhéadfaí go mbeadh nósanna imeachta sonracha ann do na hábhair sonraí chun na cearta sin a fheidhmiú más iomchuí amhlaidh i bhfianaise na gcríoch a lorgaítear tríd an bpróiseáil shonrach in éineacht le bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena ndírítear ar phróiseáil sonraí pearsanta a laghdú agus prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais á saothrú.
An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha eolaíochta, ba cheart reachtaíocht ábhartha eile, amhail reachtaíocht maidir le trialacha cliniciúla, a chomhlíonadh léi freisin.
- = -